top of page
IMG_0509.JPG

Lónadóireacht

Má tú ag eagrú ócáide, ag reáchtáil cruinnithe nó díreach ag iarraidh dínnéar a réiteach le haghaidh grúpa mór sa bhaile is féidir linn cuidiú leat.

Is féidir linn réimse leathan beatha a chur ar fáil ag baint úsáide as na soláthraithe áitiúla céanna atá le feiceáil ar fud ár mbiachlár sa chaifé. Mar sin, is féidir leat beatha álainn a fháil le haghaidh d'ócáid agus fios a bheith agat go bhfuil tú ag tacú le táirgeoirí beaga áitiúla agus ag tabhairt aire don timpeallacht freisin.

Má theastaíonn foireann freastail uait, is féidir a bheith cinnte de go mbeidh Gaeilge líofa ag gach ball foirne d'ár gcuid.

Blaisíní

Is féidir linn réimse leathan canapés a chur ar fáil le haghaidh imeachtaí agus cóisirí. Is féidir linn deochanna fuara agus teo a chur ar fáil freisin. 

Athraíonn an méid ar féidir linn a chur ar fáilag braith ar a bhfuil in séasúr ag an am. Féach ar an mbiachlár samplach atá againn anseo.

IMG_4459.JPG
IMG_20210925_080543(1).jpg

Béilí Baile

Más ag eagrú baiste, breithlá, bainis nó eile atá tú, is féidir linn réimse leathan bia a chur ar fáil le freastail ar gach cineáil ócáide.

Féach ar an mbiachlár béilí baile anseo thíos le blaiseadh a fháil den chineáil ruda ar féidir linn é a chur ar fáil.

Ceapairí

Más ag eagrú cruinnithe atá tú, ag obair as baile nó díreach ag iarraidh rud éigin deas a dhéanamh don fhoireann is féidir linn boscaí aonair nó boscaí móra ceapairí a chur ar fáil.

Caith súil ar an mbiachlár ceapairí anseo thíos go bhfeicfidh tú an réimse ar féidir linn é a chur ar fáil.

IMG_20220406_122457.jpg
bottom of page