
Pobal | Inmharthanacht | Ardchaighdeán bia



Ár mBiachlár
Athróidh ár mbiachlár ó lá go lá agus ó sheachtain go seachtain ag braith ar an méid atá le fáil ónár gcuid soláthraithe agus ar an séasúr.
Seo thíos sampla den chinéal ruda ar féidir a bheith ag súil leis.


Fear an Tí
Is as Corcaigh ó dhúchas do Dhiarmuid, áit ar fhás sé aníos i dteach tábhairne beag tuaithe; ní ón ngaoth a fuair sé a shuim san fháilteachas, mar sin. Thosaigh sé ag obair mar chócaire nuair a chas a dheirfiúr agus a dheartháir céile seantábhairne na muintire isteach ina bhialann - bialann a bhfuil roinnt mhaith gradam bainte anois aici.
Bhí sé paiseanta riamh faoin nGaeilge agus mheas sé gurbh fhiú dó an dá mhórspéis sin aige a phósadh agus spás a chur ar fáil ina bhféadfadh an teanga bláthú. Cuireadh oiliúint air i Scoil Chócaireachta Ballymaloe, áit iontach do dhuine ar bith atá paiseanta faoi ardchaighdeán bia agus faoin inmharthanacht.

