top of page
drone2.jpg

Tá POTA Café lonnaithe ar an Tulach i gCois Fharraige ar an taobh ó dheas den R336, 30 nóiméad siar ó chathair na Gaillimhe agus 5 nóiméad soir ó Ros a' Mhíl. Roinnimid foirgneamh álainn ceann tuí leis an gcomhlacht léiriúcháin teilifíse agus amharclannaíochta, Fíbín. Is deas an áit é le stopadh sula rachaidh tú isteach go hoileáin Árann.

Stopann an Bus 424 as cathair na Gaillimhe os comhair an tí. Is féidir féachaint ar an am-chlár anseo.

Is féidir páirceáil saor in aisce agus tá rochtain ar an bhfoirgneamh le cathaoir rotha.

Tá fáilte roimh rothair.

bottom of page